Dublin's No.1 Tour

Bain taitneamh as na nithe is díol spéise i mBaile Átha Cliath le Turas de chuid Bhus Átha Cliath.

Tairgeann gach ceann dár dturais i mBaile Átha Cliath tráchtaireacht bheo as Béarla agus soláthraíonn an Turas Léim-air Léim-de tráchtaireacht bheo Bhéarla nó tráchtaireacht ilteangach i ndeich gcinn de theangacha.

Is é Bus Átha Cliath soláthróir oifigiúil iompair phoiblí Bhaile Átha Cliath. Tá turais fámaireachta á reáchtáil againn le breis is 20 bliain agus tá seantaithí againn ar chathair a bhfuilimid an-bhródúil aisti a thaispeáint.

Tairgimid turais fámaireachta spreagúla agus éagsúla i gcathair Bhaile Átha Cliath agus timpeall uirthi, turais ina mbíonn siamsaíocht, stair, cultúr agus radharcanna áille cósta ar fáil go raidhsiúil..... Tá ár dturais i mBaile Átha Cliath ar na cinn is réasúnta praghas, agus is compórdaí agus is taitneamhaí chun na nithe is mó is díol spéise sa tír, mar aon le cathair bheoga, a fheiceáil.

Pioctar treoraithe turais Bhus Átha Cliath go cúramach as foireann oibre de bhreis is 2,000 fostaí lánaimseartha, agus tá siad ar fad faofa ag Fáilte Ireland. Is le bród a sholáthraíonn siad tráchtaireacht bheo shiamsúil shuimiúil i gcomhair gach díol spéise agus bíonn siad ar fáil chun ceist ar bith a fhreagairt ar gach bus le linn an turais.

Cibé acu an forléargas tapaidh ar an gCathair nó turas treoraithe leathlae ar an gcósta atá uait, tá turas againn chun freastal ar do chuid riachtanas.

Má tá spéis agat san adhfhuafaireacht i stair Bhaile Átha Cliath, nó má tá sos ag teastáil uait ó shiamsaíocht chraiceáilte na hoíche i mBaile Átha Cliath, tá turas oíche Bhus na dTaibhsí ina riachtanas!!!